Cluiche Ceannais na Mumhan agus Connacht
Bhí an Ciarraíoch Declan Quill linn an tseachtain seo agus muid ag breathnú chun cinn ar an dá chluiche mhóra atá ag an deireadh seachtaine - cluiche ceannais na Mumhan idir Ciarraí agus Corcaigh, agus cluiche ceannais Connacht idir Gaillimh agus Ros Comáin.